Seo an grúpa – tagtha abhaile ó Ghairdíní Bhríde -sona sásta agus iad uilig slán sábháilte & rud beag níos cliste!
Bhí turas iontach eagraithe ar son na daltaí uile Bl.2 go Gairdíní Bhríde, Ros Cathail, Maigh Cuilinn (Tuilleadh eolais) ag múinteoir Marina mar chuid den chúrsa OSSP.
Cinnte, b’iontach an deis a bhí ag na daltaí a bheith ag foghlaim fá chúrsaí saorántachta is timpeallachta agus iad amuigh faoin aer. Bhí ceardlanna agus imeachtaí spraiúla eagraithe go speisialta ag foireann Gairdíní Bhríde. Cinnte tugadh dúshláin do na scoláirí óga machnamh a dhéanamh ar chearta daonna fud fad na cruinne agus iad a chur ag machnamh fá na freagrachtaí pearsanta atá ag gach duine againn.
Gan dabht, bhain idir dhaltaí agus múinteoirí an-taitneamh go deo as an lá. Bhí lá breá acu ann – an aimsir ar fheabhas agus atmaisféar galánta mórthimpeall sna garraithe. Gabhaimid buíochas leis na ceannairí (foireann Ghairdíní Bhríde) a bhí i gceannas ar na ceardlanna agus le WorldWiseGlobal Schools (tuilleadh eolais) a chur maoiniú ar fáil don turas.
Thanking múinteoir Marina who organized a very educational trip to Gairdíní Bhríde (more info.)as part of WorldwiseGlobal Schools initiative. (further info.) Second year students benifited from a range of workshops organized by a very enthusiastic team (Gairdíní Bhríde) and learnt a lot about human rights and environmental issues throughout the world.
Fásann crann an eolais in ithir an amhrais!
Réidh ar aghaidh!
An té a chuireann san earrach… bainfidh sé san fhómhair!
Cuirigí bhur muinín sa cheannaire!
Neart ceannairí ann le horduithe agus comhairle a thabhairt
Sásta rudaí a chur gur féidir a ithe
Is cuma leis an dall cé air a bhfuil an bhreall
Ar na rothair anois – níos fearr ná giomnáisiam?
Fuinneamh de dhíth ar mhaithe le leictreachas a chruthú
Rothaíocht le déanamh le fuinneamh a chruthú … cúpla uair a chloig sa lá!
Suíonn siad ina mbeirteanna
Tithe níos fearr sa bhaile acu, a deir siad!
Breá compordach ansin!
Comhluadar deas ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil
Giollacht an daill ar an dall
Breá toilteanach milseáin duine eile a roinnt!
Is fearr rith maith ná drochsheasamh!
Dúshlán le cur i gcrích anseo!
Quo vadis? Tuairim ag éinne?
Tá a fhios ag duine amháin cá bhfuil sé ag gabháil
An bhfuil plean ag éinne agaibh?
B’fhiú go mór do chloigeann a chlaonadh
Giorraíonn beirt bóthar!
Déanaigí deifir, tá daoine ag brath oraibh!
Slua óg bailithe taobh amuigh den chrannóg
Nach breá an grúpa iad ag Gairdíní Bhríde!
Garraíodóireacht le déanamh
Innill níocháin – níorbh iad ach innill fuinnimh!
Tá tart an-domhain orainn – tar ar ais leis an cupán!