Skip to content Idirbhliain ag Gardaland – Áit mór siamsaíochta agus gan oiread is Garda amháin le feiceáil
Beidh cuimhne go deo ag lucht na hidirbhliana ar a dturas chun na hIodáile agus is cinnte go gcuideoidh na grianghrafanna seo na cuimhní cinn a choinneáil beo:
Muidne sásta gur thugamar féin ár spléaclaí gréine linn Muna bhfuil spléacaí gréine agat, is féidir na súile a choinneáil faoi scáth do ghruaig! Radharcanna áille mórthimpeall go cinnte Ní dóigh linn gur fágadh éinne ar an bhruach? Is iomaí áit álainn in Éirinn ach níl caill ar an Iodáil Ag glacadh leis an tsaol go réidh Slua beag tagtha le chéile mar chuideachta Is deacair a bheith ar do sháimhín só go deo! Réidh don turas anois Seo mar ba cheart an saol a chaitheamh! Saol a’ mhadaidh bháin ag an bheirt seo Níl tinneas báid ar éinne! Cé atá mar chaptaen ar an bhád seo? Níorbh mhiste cónaí in áit mar seo? An daoine clúiteacha ansin ar chúl a’ bháid? Te go leor faoi scáth na gréine Beidh bád mar seo agamsa ar ball! Faoiseamh faoi dheireadh i bhfoscadh an bháid Clocha ar fad scoilte ag an ghrian agus é ró-gheal ar uairibh! Thiocfadh leo gabháil i dtaithí ar a leithéid de shaol. An bhfuil an aimsir chomh maith sin agaibhse ar ais in Éirinn?- a d’iarr an bheirt seo. Tá siad ag teacht anois Níl éinne ag smaointiú faoi obair bhaile na laethanta seo An bhfuil cead agam dul chuig an leithreas? Triúr faoi iomlán gealaigh An é sin James Bond ag tiomáint an bád eile sin? Beidh an triúr seo ar ais arís! Aithníonn bád bád eile! Cad é an rud mór geal sin sa spéir? … a leithéid le feiceáil in Éirinn Thugamar féin an samhradh linn Dlúthchairdeas treisithe ar saoire Tír na n-Óg aimsithe faoi dheireadh ag an leaid seo? Fótabhuamáil – ceacht conas é a dhéanamh uaibh?