Skip to content Seo grúpa na hIdirbliana tagtha le chéile in Venice
De réir mar a thuigimid, tá Venice bainte amach ag lucht na hIdirbhliana le deireannas. Níl mórán nuachta cloiste uathu go fóill ach tá roinnt pictiúir aimsithe againn:
Ina suí ar a suaimhneas Tá dhá thaobh ar an bhád I gcomhluadar le chéile ar thuras báid Ceol sráide mar chomhluadar Idir dhá laí an dorais Áit do thriúr Nach fiú go mór an turas a dhéanamh Comharthaí ordóige ar son na hIodáile? Áit chúng go leor don chuideachta Más rud é go ngiorraíonn beirt bóthar … cad a dhéanann slua? Breathnaigh an stiúir atá ar a hataí acu agus duine gan hata! Anois, cá bhfuil na cornettos? Glac leis nach raibh seans ag na múinteoirí sos ar bith a bheith acu. Saol crua ag na scoláirí seo! Ní fios an raibh éinne ag baint taitneamh as an turas? Is fearr súil amháin romhat ná dhá shúil i do dhiaidh Do bharúil an dtiocfadh leo teacht abhaile sa ghondola? Cé sin taobh thiar daoibh? Tá radharcanna iontacha ó thaobh na mbuachaillí Nach bhfuil cuma iontach ar an uisce? Is cosúil go raibh an aimsir leo Tá an bheirt seo ar aon fhocal