Ceolchoirm sa Choláiste

Tamaillín sular chríochnaigh na scoláirí sa choláiste don Chásc, bhí ceolchoirm speisialta eagraithe sa scoil ar mhaithe le tuismitheoirí, cairde agus pobal uile na scoile.

Bhí rogha breá ceoil curtha ar fáil don lucht éisteachta, agus míreanna clasaiceacha, traidisiúnta is nua-aimseartha le cloisteáil ar an oíche. Casadh amhráin de sheánraí éagsúla idir Ghaeilge agus Béarla mar chuid den cheolchoirm. Cuireadh réimse de phíosaí aonair, ó ghrúpaí ceoil agus ó chór na scoile i láthair. Gabhtar comhghairdeas le gach uile scoláire a ghlac páirt sa cheolchoirm óir, de réir mar a thuigimid, thaitin an ceolchoirm go mór leis an lucht éisteachta agus iad ag súil go mór leis an chéad oíche eile go mbeidh a leithéid le cloisteáil ar stáitse. Ar ndóigh, gabhtar buíochas speisialta le múinteoir Ann-Marie a d’eagraigh agus a stiúraigh imeachtaí na hoíche.

Congratulations to all the students that took part in a wonderful musical evening before the Easter break. A special word of thanks goes out to múinteoir Ann-Marie that organized the event. The wide range of talent was thoroughly enjoyed by all.

Bhí siamsa agus ceol ann!

 

Turas ag Bl.3

Ar an ábhar go raibh an oiread sin oibre déanta ag Bl.3 le deireannas, bhí turas scoile eagraithe go speisialta dóibh ag deireadh an téarma. Thug siad faoin dúshlán tabhairt faoi lámhach millíní péinte (paintballing) i dTigh Neatha. B’fhiú breathnú ar chuid de na grianghrafanna thíos – ba léir go raibh siad breá sásta dul i gcomhrac lena chéile.

Bl.3 students enjoyed a great fun day paintballing on the last day of term before the Easter break.

Is fearr troid ná an t-uaigneas!