Skip to content

Gaeilge – i lár na Páirce

Táimid thar a bheith bródúil as an ról a ghlac scoláirí ón choláiste agus iad ag comhoibriú le Gaeilge Locha Riach (tuilleadh eolais anseo) ar na mallaibh. Bhí Bliotsa Camógaíochta agus Iománaíochta faoi stiúir na heagraíochta ar son daltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta Oirthir na Gaillimhe. Faraor, bhí lá mór spóirt acu i bPáirc Naomh Breandáin, Baile Locha Riach agus foirne idir bhuachaillí agus cailíní ó trí scoil rannpháirteach: Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach, Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, agus Scoil Náisiúnta Naomh Breandán, Eanach Dhúin.

Le fírinne, bhí aidhm shimplí ag Gaeilge Locha Riach agus an ócáid speisialta eagraithe acu ná deis a thabhairt do na gaeil óga ó na scoileanna buaileadh le chéile ag imeacht ina raibh an Ghaeilge in uachtar réime mar theanga labhartha. B’iontach an radharc cailíní agus buachaillí ó gach uile scoil a fheiceáil ar an láthair agus an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga cumarsáide eatarthu.

Ar mhaithe leis an Ghaeilge a threisiú i lár na páirce, bronnadh duaiseanna speisialta ar na gaeilgeoirí is fearr tar éis gach uile cluiche – rud a spreag níos mó ná cúpla focal ó na foirne. Mar aon leis an mhéid sin, tugadh béile saor in aisce do chách ó Take-Away Chonamara, a fhad is gur ordaigh siad a gcuid ‘i nGaeilge’.

Maidir le scoláirí an Eachréidh, is ábhar bróid iad, óir b’iad Aisling, Tori, Jamie agus Enda a bhí mar réiteoirí i lár na páirce ar an lá. Tuigtear go raibh an-jab déanta acu agus ceannaireacht den scoth léirithe acu ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn.

Gaeilge Locha Riach held a very sucessful Bliotsa Camógaíochta agus Iománaíochta for gaelscoils and gaeltacht national schools of East Galway recently. Gaeilge, was indeed ‘i lár na páirce’ and we are very proud of the coláiste representives of Aisling, Tori, Jamie agus Enda who played very important role as referees on the day.