Seachtain LADT+ le ceiliúradh

Tá pleananna idir lámha ag an choláiste Seachtain LADT+ a cheiliúradh tar éis na Cásca. Le deireannas, bhí aoichainteoirí ó Shoutout i mbun ceardlann le gach uile bliainghrúpa sa scoil ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chur chun cinn i measc phobal an choláiste maidir le riachtanais grúpaí éagsúla. Tá seachtain imeachtaí éagsúla beartaithe cheana féin ina mbeidh suíomh na scoile maisithe ildaite, daoine gléasta in éadaí geala, díolachán cistí, réimse cluichí eagraithe agus eile.

Having recently held workshops with Shoutout, the coláiste now has plans to celebrate LGBT+ Week. A range of colourful events and activities are being organized, all helping to promote a positive atmosphere throughout the school and improve understanding for LGBT+ community in our society.

Is beag an difear!

Níos cliste le ‘Wiser’

Le déanaí, tháinig aoi-chainteoirí ó WISER (tuilleadh eolais) chun labhairt le daltaí na dara bliana agus na hidirbhliana. Bhí siad ag caint faoi na caidrimh a bhíonn ag daoine óga agus an tábhacht atá ann fanacht sláintiúil agus sábháilte i gcónaí. Thug siad léargas ar an chaoi caidreamh sláintiúil a choinneáil idir bheirt agus léirigh siad an tábhacht le meas le bheith ar a chéile i dtólamh.

Both Bl.2 and Idirbhliain students were given very important healthy relationship advice as guest speakers from WISER (More info.) conducted positive workshops in the Coláiste recently.

Is fearr dea-chomhairle ná pota óir!

Raidió an Eachréidh

Tá an-obair go deo déanta ag an ‘Club Raidió’ ó bunaíodh é i mí Feabhra agus iad ag teacht le chéile gach Céadaoin ag am lóin ó shin. Pléadh na podchraoltaí a thaitníonn leo, dháiligh siad na poist éagsúla ar a chéile agus bheartaigh siad réimse topaicí a phlé. Ansin, thosaigh siad ag scríobh scripte, ag tarraingt póstaer agus ag smaoineamh ar ainm! Rinne siad cleachtadh leis an trealamh agus ar aghaidh leo ag taifead! Roghnaigh siad ceol don chlár agus thosaigh i mbun eagarthóireachta.

Tús maith leath na hoibre – Níl aon amhras ach go raibh tús breá láidir agus neart oibre curtha i gcrích acu leis ‘Club Raidió’. Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Múinteoir Eimear ach go háirithe a thug an spreagadh dóibh dul i mbun gnímh. Cinnte, tá siad ag súil go dtiocfaidh fás is forbairt ar a gcuid podchraoltaí agus go mbeidh go leor cláracha eisithe acu amach anseo.

Young broadcasters have been busy producing podcasts with the foundation of ‘Club Raidió’ in the coláiste. Here’s hoping we here them on the national airwaves in the future.