Skip to content

Buaiteoirí Teicneolaíochta Náisiúnta -KINIA

Bhí lá iontach ag scoláirí teicniúla ón choláiste ag Techféile 2023 le déanaí. Mar a tharlaíonn sé tugadh aitheantas faoi leith d’iarrachtaí go leor daltaí agus neart acu rannpháirteach sna cathanna róbait. Bhí ionadaíocht láidir ón scoil ar an láthair ag an fhéile naisiúnta teicneolaíochta eagraithe ag KINIA (Tuilleadh eolais ), ina measc bhí: daltaí ó Bl.2 mar aon l’ionadaithe ón Idirbhliain, Bl.5 agus múinteoirí ina gcuideachta. Le fírinne, bhí clár speisialta craolta ag RTÉ RnaG ar an lá agus seó Iris Aniar ar an láthair. (Is féidir éisteacht leis an chlar iomlán anseo Bhí lucht an Eachréidh ar an aer timpeall 40 nóiméad isteach sa chlár)

Bhí go leor daltaí curtha ar ghearrliostaí na ngradam agus a saothar ríomhaireachta molta go hard. Tugadh ainmniúcháin do Shadhbh, Isabelle agus Éadaoin as ucht na róbait a bhí cruthaithe acu. Bhí moladh speisialta tugtha do Luka agus Stephen agus códáil déanta acu ar róbat a dhear siad féin darbh ainm ‘Buanseasmhacht’. Mar aon leis sin, bhí Semyon ainmnithe ar an ghearrliosta i measc ‘ Tech Spásóirí’ na bliana. Gabhaimid comhghairdeas leo ar fad.

Caithfidh a rá, áfach, go bhfuilimid thar a bheith bródúil as na duaiseanna móra náisiúnta a bronnadh ar an choláiste. Bronnadh ‘Oideachasóir na Bliana’ ar mhúinteoir Bairbre agus tréaslaímid a gradam léi as ucht a díogras agus a tiomantas le cúrsaí ríomhaireachta a chur chun cinn i measc scoláirí an Eachréidh. Is féidir breathnú ar agallamh a rinneadh le Múinteoir Bairbre ( anseo idir 2:23:35 – 2:26:45 )  Lena chois sin, tugadh aitheantas agus príomhduais náisiúnta ar son ‘Léiriú Físeáin’ do lucht na hIdirbhliana as ucht an ghearrscannáin a thaifeadadh i mbliana – ‘Liam Ó Maoilíosa’ (Féach anseo ). B’iontach an rud é go raibh Adam (stiúrthóir) agus Semyon (eagarthóir) ar an láthair leis an duais a ghlacadh ar son na scoile agus cúpla focal a rá chomh maith (Féach anseo idir 1:46:25 – 1:50:40 )

Congratulations to all of the participants from the Coláiste that attended TechFéile organized by on a national basis by KINIA. A number of students’ achievements were shortlisted for awards and their outstanding work recognized. Some of these achievements were outlined in a radio interview with RTÉ RnaG. The main prize-winners though, taking home national awards, deserve a big ‘bualadh bos’ namely Múinteoir Bairbre as ‘Oideachasóir na Bliana’(Educator of the year) and the production crew of Liam Ó Maoilíosa for Léiriú Físeáin (Video Production).

Tagann gach ceird le cleachtadh!