Fiontraithe Óga

I measc na himeachtaí éagsúla a bhí idir lámha ag lucht na hidirbhliana, tugadh dúshlán dóibh mionchomhlachtaí dá gcuid féin a bhunadh. Cinnte, eispéireas iontach a bhí ann tús a chur lena leithéid agus a reáchtáil. Ar ndóigh, bhí deis acu a gcomhlachtaí beaga a léiriú mar chuid de Mhargadh na Nollag níos luaithe i mbliana.

Gabhaimid comhghairdeas le lucht na hidirbhliana ar fad a ghlac páirt sa togra seo agus muid iontach bródúil astu go bhfuil neart scileanna gnó foghlamtha acu dá bharr. Tréaslaímid leis an dá ghrúpa a bhí cáilithe le páirt a ghlacadh i gcraobh na Gaillimhe; Adhmaid an Eachréidh agus Katelyn’s Kandles. Nach iontach an bua a ghnóthaigh Katelyn’s Kandles agus Katelyn aitheanta mar an ‘Trádálaí Aonair is fearr’ ag Bord Fiontraíochta na Gaillimhe.

Congratulations to all the Idirbhliain students that took part in the mini-business project this year, especially those who qualified to take part in the regional competition with the Galway Enterprise Board. A special word of congrats goes out to Katelyn’s Kandles that was awarded best individual trader.          Go maire sí a bua!

Tá siad críonna i mbun gnóthaí

Blas den Chultúr Síneach

Bhí Newbie Chinese ar cuairt ar an choláiste le ranganna Sínise a mhúineadh do dhaltaí na hidirbhliana. D’fhoghlaim na scoláirí cúpla focal Síneacha agus bhí deis acu neart a fhoghlaim agus iad i mbun cluichí ríomhaireachta freisin.  Is trí phictiúir agus trí carachtair go mbíonn fuaimniú na bhfocal deimhnithe.

Bhí sé an-spéisiúil ag lucht na hidirbhliana teanga nua a fhoghlaim. Seo cúpla focal nua foghlamtha acu: wong = Rí , Da = Mór, Ren = Duine

Mar chuid den chúrsa idirbhliana chomh maith, chuaigh na scoláirí go Gaillimh le béile Síneach a ithe sa bhialann X’ian. Bhí ‘ceathair in a haon‘ acu: rís, sicín, sceallóga agus curaí. Baineadh triail as ‘cipíní itheachain’ (chopsticks) a úsáid chomh maith.  Cinnte, roinnt foghlamtha agus a thuilleadh blasta den chultúr Síneach.

During the school year, Idirbhliain students had the chance to learn a few things about Chinese culture; understanding the writing, learn a few words and taste some very nice Chinese food.

Bíonn blas ar an bheagán!