Cailíní Cispheile – Curaidh

Comhghairdeas ollmhór le cailiní cispheile Bl.1 & 2. Tá ceithre chluiche imeartha acu anois mar fhoireann i mbliana agus tá gach uile cluiche buaite acu go dtí seo. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn iontach déanta acu agus iad ag imirt sa Sraith Shóisearach Iarbhunscoile Chispheil na hÉireann. Le deireannas, bhí an lámh in uachtar acu ar Choláiste Mheirlinne agus anois is cosúil go mbeidh siad in iomaíocht do Chraobh Chontae na Gaillimhe ag an leibhéal seo. Tréaslaímid a gcuid buanna leo agus guímid gach rath orthu i gcraobh an chontae.

Congratulations to the girls basketball team who have been on a winning streak and have won all four games this season. They have now secured themselves a place in the Galway county final of Basketball Ireland Post Primary Schools Junior League having defeated their latest opponents of Merlin College. Beirigí Bua

Staidéar Spreagtha

Bhí lá mór caite ag Ray Langan, comhairleoir, agus é i mbun ceardlainne le scoláirí an choláiste ar na mallaibh. Bhí deis ag dalta uile an choláiste cluas a thabhairt le héisteacht dó (seachas lucht na hidirbhliana).

Le fírinne, bhí teachtaireacht iontach simplí aige don lucht éisteachta ná go mbaineann cur chuige na hoibre le meon an fhoghlaimeora. Caithfidh a thuiscint gur féidir, gur fiú go mór do scoláirí spriocanna a chur rompu agus nár chóir a bheith diúltach ar chor ar bith.

Agus an méid sin ráite, bhí straitéisí foghlama léirithe do scoláirí an Eachréidh agus mhol sé do gach uile duine plean oibre a leagadh amach. Cuireadh ceist ar dhaltaí na scoile an raibh siad ag iarraidh marcanna breise a bhaint amach ar scoil – cinnte, ardaíodh na lámha lena ndíograis a léiriú. Anois, feicfimid an ndéanfar beart de réir a mbriathra?

Ray Langan spent a very productive day in Coláiste an Eachréidh as he provided motivational workshops on study skills.  A simple message of having a positive message can create wonders – Positive mental attitude. Having a positive attitude inspires anyone to achieve and therefore the study skills, techniques & planning all come to the fore, helping pupils then reach their goals.

As an obair a thagann an fhoghlaim.