Buaiteoirí Náisiúnta – Feachtas

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis an dhá fhoireann ón choláiste a bhí cáilithe le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais Tráth na gCeist ‘Feachtas’ in Óstán Ashling, Baile Átha Cliath le déanaí.

Tuigtear go raibh breis agus míle dalta meánscoile páirteach i gcraobhacha áitiúla den Tráth na gCeist i ngach Cúige den tír ó thús na scoilbhliana. Mar sin de, is iontach linn a rá gur éirigh le dhá fhoireann gabháil chomh fada le bheith páirteach sa chraobh. Le fírinne, éacht a bhí ann a bheith cáilithe don bhabhta ceannais.

Maidir leis an bhabhta craoibhe féin, bhí géariomaíocht i measc an 30 foireann a ghlac páirt ar an lá. Táimid iontach bródúil as scoláirí an Eachréidh ar fad a ghlac páirt sa bhabhta náisiúnta seo. Ní hamháin sin, ach caithfimid an bua ollmhór a ghnóthaigh foireann ón choláiste a cheiliúradh. 3ú Áit in Éirinn bainte amach ag Grace, Brian, Semyon agus Conor.

Congratulations to all our students that took part in the finals of Feachtas Quiz. A special word of congratulations to the team that back as All-Ireland Champions – 3rd Place.

Go maire sibh bhur mbua !

Sacar na mBuachaillí – Buacach Arís

Caithfimid foireann sacair na mbuachaillí a mholadh go hard na spéire as ucht a gcuid sáriarrachtaí i rith na mbliana. Tréaslaímid an bua is déanaí go mór leo agus iad anois cáilithe do chraobh ceannais Connachta (Faoi 15 – Rannóg C)

Bhíodar ag imirt i gcoinne Iarbhunscoil na Grainsí, Sligeach i mbabhta leathcheannais Connachta agus bhí rith an ráis leo faoi dheireadh. Guímid gach rath orthu sa chraobh anois ach, idir an dá linn, breathnóimís ar an radharc aoibhinn de scórline thíosluaite:

Coláiste an Eachreidh        2                  Iarbhunscoil na Gráinsí, Sligeach        1