Skip to content

Sacar – Bua cinniúnach faoi 17

Coláiste an Eachréidh         3     Coláiste Cholmcille       1

Comhghairdeas le foireann sacair an choláiste a fuair an ceann is fearr ar Choláiste Cholmcille i gcluiche an-iomaíoch le déanaí. B’shin an dara cluiche ag buachaillí an Eachréidh i gcomórtas Chonnachta.

Agus an cluiche ag druidim i dtreo leath ama gan scór, d’aimsigh siad cúl a mhúscail an fhoireann uile. Ní nach ionadh gur thosaíodh an dara leath agus iad lán fuinnimh agus féinmhuinín bhreise. Níorbh fhada go raibh an dara cúl faighte acu, ach d’imir buachaillí Indreabháin go hiontach ina dhiaidh sin agus fuair siad cúl a bhí tuillte go maith acu. Sna nóiméid dheireanacha, d’aimsigh buachaillí an Eachréidh an tríú cúl, rud a dheimhnigh áit s’acusan ag barr an ghrúpa. Ar aghaidh leo anois go babhta leathcheannais an chomórtais.

Coláiste an Eachréidh’s under 17 soccer team have now qualified for semi-final of the competition, having finished top of their group.

Go n-éirí leo!