Skip to content

Turas na hArdteiste

Agus scrúduithe na Samhna curtha i gcrích, ghlac daltaí na hArdteiste sos ón staidéar is ó na leabhair uile agus iad ar cuairt ar chathair na Gaillimhe. Nuair a bhí an chathair mhór bainte amach acu, thug siad aghaidh ar na Seomraí Éalaithe!! Tá áthas orainn a rá gur éirigh thar cionn leo ar fad agus muid sásta a fhógairt nach ndeachaigh éinne ar strae ach gur tháinig gach uile duine acu as na Seomraí Éalaithe slán sábháilte.

Agus iad uile saoraithe, bhain siad sult as a bheith amuigh faoin aer úr mórthimpeall na cathrach, ag siopadóireacht agus ag spaisteoireacht thart trí mhargadh na Nollag san Fhaiche Mhór.

Daltaí Ardteiste enjoyed a day out in Galway recently – An Rud is annamh is iontach!