Skip to content

Ar son na hÉireann

Níl aon amhras ach go bhfuil gach duine sa choláiste thar a bheith bródúil as Cian agus é aitheanta mar imreoir rugbaí ag leibhéal náisiúnta.

Le deireannas, d’imir Cian ar son na hÉireann faoi 18 bliana d’aois sa Róimh i gcoinne na hIodáile. Ní hamháin sin ach tháinig sé ar ais go hÉirinn buacach agus a chéad cháipín bronnta air. Guímís gach rath air agus súil againn gur iomaí bua is cáipín a bheas bailithe aige sna blianta amach roimhe.

Everyone in Coláiste an Eachréidh are very pround of Cian who represented his country playing on the international rugby team under 18’s against Italy winning his first game on the national team and being awarded his first cap.

Beir Bua is Beannacht Cian