Éist le Eimear agus Rosemary – Music talent!!

Comhghairdeas le Eimear agus Rosemary a roghnaíodh do GUTH ’22. The girls were included ina selection of 5 songs only at the national auditions of Youth songs at the Kinia Tech Féile 2022. Click here Youtube link, hear Rosemary 0:35:56 and Eiméar 01:02:38

Chan Eimear ‘An raibh tú ag an gCarraig‘ agus b’é a leagan féin den amhrán  ‘Chandelier‘ a chas Rosemary.

Cliceáil thíos ar an nasc Youtube chun na cailíní a chloisteáil …..Rosemary 35min56sec agus Eiméar 1hr02min38sec.

 

 

 

 

 

 

 

 

Bua Náisiúnta Staire

Buaiteoirí Náisiúnta i gComórtas Staire na hÉireann

Comhghairdeas le Oisín Mac Aindreasa agus Evan Ó Brádaigh as a mbua iontach i gComórtas Náisiúnta Staire na hÉireann mar a fógraíodh an tseachtain seo chaite. Roghnaíodh aiste Oisín sa chéad áit agus Evan sa dara háit i rannóg na hArdteiste. Ní hamháin sin ach bronnadh príomhdhuais an chomórtais ar Oisín chomh maith. Éacht iontach gan amhras agus na buanna seo mar bhua don ghaeloideachas agus iad i gcomórtas le haistí Béarla agus Gaeilge ar fud na tíre.

Caithfidh a rá go raibh gach duine sa choláiste thar a bheith bródúil gur éirigh leis na buachaillí a bheith curtha ar an ghearrliosta náisiúnta de dheichniúr ag an leibhéal seo. Ar ndóigh, b’iontach a mbuanna a cheiliúradh agus na buaiteoirí fógraithe ag searmanas duaiseanna ar líne 11 Bealtaine.( Féach anseo)

Ghabh na moltóirí comhghairdeas le lucht na craoibhe uile agus iad ag rá gur údar bróid agus mórtais dóibh gur éirigh leo craobh an chomórtais náisiúnta a bhaint amach. Bhaineadar sásamh mór as na haistí go léir a léamh agus iad ag gabháil buíochas le rannpháirtithe uile an chomórtais as gach dúthracht a chaitheamh lena gcuid aistí. Ba léir go raibh iomaíocht nach beag ann agus scoláirí páirteach ar fud na hÉireann.

Mar sin de, Oisín anois aitheanta mar phríomhbhuaiteoir an chomórtais i gcomórtas náisiúnta staire na hÉireann agus sa chéad áit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na tíre. Anseo, is féidir teacht ar an taighde ar ‘Soivéad Luimnigh’.

Ná déanaimid dearmad fan éacht curtha i gcrích ag Evan agus é sa dara háit sa rannóg sinsearach i measc daltaí ardteiste na hÉireann agus is féidir teacht ar shaothar s’aigesean ar ‘Mairseáil Salainn Gandi’ anseo.

Congratulations to All-Ireland Irish National History Competition winner Oisín, and category runner-up Evan in this year’s nationwide event.
 
The All-Ireland finalist placings : 
  1. Oisin, Coláiste An Eachréidh
  1. Roisín, Mercy College, Sligo
  1. Antaine, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean