Skip to content

Comhrá ’20

‘Beatha teanga í a labhairt’ a deirtear agus is cinnte gur thug scoláirí ón Choiste Gaeilge leis an mhana a chur i bhfeidhm go tréan ar na mallaibh agus iad i gceannas ar chlár bhríomhar mar chuid den chraoladh domhanda #Comhrá20.

Cinnte, is iomaí ábhar cainte a bhí le scagadh agus le cíoradh acu agus iad ag craobhscaoileadh a gcuid scéalta fud fad na cruinne ar feadh uair a chloig. B’iontach na tuairimí a bhí le nochtadh acu fá chúrsaí reatha i dtaobh an Choróinvíris agus nach breá go raibh sé ina gcumas acu gabháil i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhí ardaithe dá bharr. Bhí deis acu cur síos a dhéanamh ar bhuaicphointí na hidirbhliana mar a bhí acu anuraidh agus iad ag cur síos ar imeachtaí éagsúla na bliana. I measc an phlé bhí léargas tugtha ar chomhlachtaí mhionghnónna, ar iarrachtaí cúrsaí timpeallachta a fheabhsú, ar cheoldráma a léiríodh ar stáitse agus ar imeachtaí móra ar son na Gaeilge (Rith Glas, Lá Croí agus Margadh na Nollag). Cuireadh agallamh ar dhuine dá múinteoirí (Máistir Pádraig) agus bronnadh speisialta tugtha dó ( é náirithe go maith acu). Ní hamháin sin ach gabhadh comhghairdeas ar leith le Raphi agus í tar éis dearthóireacht a dhéanamh ar leabhar nua-fhoilsithe – nach maith í.

Caithfidh a rá go raibh éacht curtha i gcrích ag daltaí Bliain 5 le Comhrá ’20 a chur i láthair i mbliana (Rhianna, Eoin, Madison, Caroline, Raphi, Conor, Oisín, Tuán, Eva, Liadán, Iseult, Caoimhe agus Bláithín). Níl aon amhras ach go bhfuil buíochas ar leith le gabháil le Máistreas Bairbre a chur gach uile rud in ord agus in eagar go mbeadh na daltaí ábalta tabhairt faoin dúshlán áirithe seo le deireannas.  

Coiste Gaeilge recently presented an hour long show that was broadcast live online to an audience and spectactors tuning in from all over the globe #Comhrá20. Comhghairdeas leo ar fad!