Skip to content

Filíocht Bheo!

Nach iontach go raibh na dánta de ghlanmheabhair!

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, thacaigh Cumann Óige Átha an Rí le roinnt daltaí ón Idirbhliain réimse leathan dánta agus amhráin a chur i láthair do slua scoláirí ó Ghaelscoil Riada.

Roghnaigh na daltaí idirbhliana dánta agus amhráin ar leith ó liosta na Sraithe Sóisearaigh le foghlaim agus le haithris don tslua. Cinnte, bhí rogha fairsing curtha os comhair dhaltaí na gaelscoile. Bhí roinnt dánta/amhráin cúpla céad bliain d’aois ar nós ‘Cill Liadáin’ le Raifteirí agus ‘Mo Ghile Mear’. Chanadh amhráin traidisiúnta i gcuideachta an lucht éisteachta ar nós ‘Bó na Leathadhairce’ agus ‘An Poc ar buile’. Tugadh blas ar réimse na filíochta ón 20ú haois ar nós ‘Treall’ le Caitlín Maude agus ‘An Blascaod Mór’ agus go leor eile mar aon le blaiseadh ar chuid den fhilíocht chomhaimseartha. Lena chois sin, cuireadh amhráin nua-aimseartha i láthair don lucht éisteachta ar a stíl féin mar ‘Solas’ le Seo Linn agus amhrán ‘rap’ ‘An Saol Rúnda’ le Oisín Mac.

Caithfidh a rá go raibh éacht déanta ag na déagóirí na hamhráin is na dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ansin iad a chur i láthair go bríomhar don tslua agus beagnach céad duine sa lucht éisteachta. Bhí beart déanta de réir a mbriathra!

Mar chlabhsúr ar an ócáid, tugadh deis do ‘Maria Cooney’ aithris a dhéanamh ar an óráid a thug sí mar chaptaen ar fhoireann camógaíochta a bhí buacach i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach roimhe sin. Ghlac sí le Corn Uile Éireann ar son na Sáirséalach. Thosaigh an óráid mar:

“Tá an-áthas orm an corn seo a ghlacadh ar son …”

Maria Cooney – Captaen ar Fhoireann Chamógaíochta ‘Na Sáirséalaigh’ agus an-áthas uirthi lena corn

As part of Seachtain na Gaeilge events, a number of transition year students performed a range of poetry and song as ‘Poetry Aloud’ as Gaeilge. This event was supported by Cumann Óige Átha an Rí and Gaelscoil Riada provided an audience of about 100 students. They also took the opportunity to congratulate Maria Cooney (teacher) who had just lifted the All-Ireland cup as captain of Na Sairséalaigh.