Skip to content

Abaigh abú!

Comhghairdeas le Abaigh (Bliain 1) agus í molta go hard i gcomórtas náisiúnta ag an Irish Times ‘Children’s Isolation Art’

Ar eagla nach bhfaca daoine eile an dea-scéal in irishtimes.com/childrensart, ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Abaigh (Bliain 1) agus í molta go hard as ucht a cuid talainne léirithe i gcomórtas náisiúnta eagraithe ag an nuachtán mar chuid de ‘Children’s isolation art’.

Is léir nach raibh Abaigh ag cur a cuid ama amú agus ionspioráid tugtha di tabhairt faoin dúshlán go pearsanta agus í ag cuimhneamh ar fhilleadh abhaile traochta tuirseach i ndiaidh di a bheith ar an phictiúrlann lena deirfiúr. Cinnte, aithníonn sí an tábhacht i gcaidrimh teaghlaigh na laethanta seo.

Bhí an méid seo le rá aici faoin phictiúr: ‘I got inspiration to create this drawing because during this quarantine it has taught me to appreciate the people around us. The drawing is inspired by a photo of myself and my sister after coming out of the cinema, one of our favourite things to do together.’