Skip to content

Sacar Sinsearach na Scoile

Foireann sacair shinsearaigh ón choláiste agus gach duine thar a bheith bródúil astu uilig.

Níl aon amhras ach gurb í an scoilbhliain reatha an bhliain is rathúla le go leor blianta ag buachaillí Coláiste an Eachréidh i gComórtas Sacair FAI.

Ag an aoisghrúpa faoi 19, chruthaigh leaids againne go hiontach ar fad. Le mórchuid an scuaid ag teacht ó Bhliain 6, ba léir go raibh sé de chumas againn a bheith an-iomaíoch le foireann ar bith eile sa chomórtas. Is mar sin a tharla seo, le trí bhua as trí inár ngrúpa. Roimh an Nollaig, fuaireamar an ceann is fearr ar Ros Dumhach 9-2, Coláiste Cholmcille, Indreabhán 4-2, agus ar Baile Chathail ó Chontae Mhaigh Eo 2-1.

I gcluiche Leathcheannais i gCúige Connachta an chomórtais, d’imir siad i gcoinne Bhéal Átha na Muice i gCaisleán an Bharraigh. Ar an drochuair, ní raibh rith an rás leo ar an lá áirithe sin. Fuair Béal Átha na Muice dhá chúl go luath sa chluiche agus bhí dúshlán mór romhaibh ón bpointe sin ar aghaidh. D’imir siad go han-mhaith sa chéad leath agus formhór na seilbhe acu. Fuair Brian cúl ar ais agus mhothaigh siad go raibh siad ar ais sa chluiche. Fuair Béal Átha na Muice dhá chúl eile go tapaidh roimh leath ama agus sa deireadh chríochnaigh an cluiche ar scór 1-5.

Choinnigh buachaillí Choláiste an Eachréidh orthu ag imirt go crua go dtí gur séideadh an fheadóg dheiridh. Níor tógadh corn abhaile linn i mbliana, ach bhí siad ag traenáil go díograiseach tríd an séasúr, iad ag imirt ‘an cluiche álainn’ an chaoi gur chóir d’fhoireann ar bith é a imirt, agus ba chóir go mbeadh an scuad uilig faoi 19 an-bhródúil as a gcuid imeartha i mbliana. Éacht nach beag déanta acu!

The Under 19 soccer squad had a very successful year as they reached Connacht Semi-Final of FAI Soccer Competition which was played in Caisleán an Bharraigh against Béal Átha na Muice but were defeated 1 – 5. That being said, they trained and played well throughout the year and did Coláiste an Eachréidh proud. Beidh Lá eile ag an bPaorach!