Skip to content

Ar an Trá

Muireann, Colm agus Rachel a bhí i mbun glantacháin ar an trá.

Ba cheart beart a dhéanamh do réir do bhriathair, a deirtear.

Chuige sin, ghlac roinnt daltaí an deis dul i mbun glantacháin ar an trá in aice le Cinn Mhara ar na mallaibh. Tuigtear go bhfuil na farraigí agus cósta na hÉireann truaillithe leis na blianta ag daoine. Faraor, tá éanacha na mara, éisc, ainmhithe agus fiadhúlra na cruinne ag brath ar an chine daonna glanadh suas anois óir is cinnte go gcuireann an bruscar uile foinsí beatha an domhain go mór i mbaol.

Níl amhras ar bith ann ach gur féidir le gach uile dhuine ról a ghlacadh agus cuireann Clean Coasts (Tuilleadh Eolais anseo) fáilte roimh dhaoine a bheith ag comhoibriú leo. Is cinnte go bhfuil siad thar a bheith buíoch don ‘Coiste Glas’ agus do Mháistir Turlough as beagán a dhéanamh ar son na cúise.

Students from the coláiste’s Coiste Glas got involved in a beach clean-up beside Kinvarra as volunteers with Clean Coasts. Máistir Turlough co-ordinated the excursion as part of raising awareness on the issue. Leanaigí oraibh leis an dea-obair.