Skip to content

Plé Polaitíochta

Cuid den lucht eagraithe i gcuideacht le Éamon Ó Cuív T.D.

Agus 2020 buailte linn, tá Gaillimh tosaithe i mbun ceiliúrtha mar áit chultúrtha ar bhun idirnáisiúnta. Ní hamháin sin ach cuimhnítear go bhfuilimid ag comóradh ‘Cogadh na Saoirse’ 100 bliain ó shin. Chuige sin, ba é an téama a roghnaíodh don fhóram pholaitíochta ná:

‘Gaillimh 2020 – Ról na Gaeilge agus ár Saoirse.’

Níl amhras ar bith ach gur éirigh leis na daltaí an deis a thapú topaicí éagsúla a iniúchadh agus ceisteanna tábhachtacha a phlé. Scoláirí idirbhliana a bhí i gceannas an Fóram Pholaitíochta a eagrú, iad ag cur ceisteanna is ag stiúradh an plé ar fad. Caithfidh a rá go raibh díospóireacht cheart eagraithe i measc na ndaltaí idirbhliana agus Éamon Ó Cuív, T.D.  i láthair.

Bhí plé forleathan maidir le teifigh, daoine gan dídean, cúrsaí timpeallacht agus Gaeilge.  Lena chois sin, bhí tuairimíocht á lorg fán mhéid atá i ndán dúinn mar thír agus daltaí ag machnamh ar fhís d’ Éire Aontaithe amach romhainn. Faraor, bhí an plé chomh maith sin nach raibh an t-am ann tabhairt faoi gach uile topaic ar an chlár. (Ceisteanna anseo)

Dúirt urlabhra ón idirbhliain:

“Is iontach go raibh an deis againn ár dtuairimí féin a nochtadh agus a phlé i ndíospóireacht oscailte agus gur thug Teachta Dála an t-am cluas a thabhairt le héisteacht dúinn.”

 

Tuilleadh eolais ar Fhóraim eile cliceáil anseo

 

Our annual, TY focused, Political Forum, was well organized by the students as they presented topics of concern on a wide range of issues including refugees, homelessness, climate change and provision for Gaeilge. They also inspired those gathered to think of their vision for a United Ireland.  It was a great success and the students of Coláiste an Eachréidh were pleased that Éamon Ó Cuív, T.D. a senior politician the took time to engage with them in current affairs matters.