
Gabhadh comhghairdeas leis na daltaí uilig a d’fhreastail ar scoil chuile lá le linn na bliana ó Mheán Fómhair go Nollaig mar chuid de Cheiliúradh Gaisce. Is iontach go deo go bhfuil tinreamh scoile foirfe ag an oiread sin daltaí sa choláiste i mbliana.
Léiríonn a leithéid go bhfuil siad tiomanta, díograiseach agus iad réidh chun foghlaim i gcónaí. Guímís gach rath orthu is go mbeidh sé i dtólamh ina gcumas freastal ar scoil is ar shaol na hoibre amach anseo.
As part of the Christmas Ceiliúradh Gaisce award ceremony 2019, a special word of congratulations went out to the all the students who attended school every day from September to December the school year. Comhghairdeas leo uilig!
