Skip to content

Spraoi ag ‘Scléip’

Níl aon amhras ach go raibh sult is spraoi acu ag Scléip

Arís i mbliana, bhí talann ceoil agus damhsa na ndaltaí le feiceáil ar stáitse mar chuid de ‘Scléip’. Bhí réimse leathan ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe rannpháirteach ón Choláiste ón chéad bhliain thuas.

Caithfidh a rá go bhfuilimid beannaithe leis an oiread sin daltaí sa choláiste ag a bhfuil bua an cheoil acu agus léirigh go leor grúpaí éagsúla agus amhránaithe aonair spéis iontach sa chomórtas seo eagraithe ag Gael-Linn. I measc na grúpaí is ceoltóirí páirteach ar son Choláiste an Eachréidh bhí Aisling, Eimear agus grúpa nua-bhunaithe ‘Síoraí Spraoi’.

Ar ndóigh, ba cheart ár mbuíochas a ghabháil go speisialta leis na múinteoirí a bhí ag tacú agus ag cuidiú leis na ceoltóirí – Anne Marie agus Deirdre.

Ní amháin go raibh spraoi ag na rannpháirtithe uilig ach bhí bua iontach ag Rosemary agus ag Sorcha agus iad anois cáilithe don bhabhta ceannais 2020. Guímid gach rath orthu beirt agus iad ag gabháil ar aghaidh le bheith i gcomórtas do ghradaim náisiúnta.

 

Congratulations to all the participants of the regional talent competition of Scléip (Gael-Linn). We are all very proud of the wide range of musical talent in Coláiste an Eachréidh. A special word of thanks to the teachers that helped and encouraged our local talent to prosper. We wish Rosemary and Sorcha all the best as they were successful in qualifying for the national competition 2020. Beirigí Bua le ceol!