Bua an Fhocail

Scríbhneoirí Foilsithe
Is cinnte go bhfuil Alíona, Sadhbh, Robin agus Adam thar a bheith sásta lena saothar foilsithe.

Comhghairdeas le scríbhneoirí óga an Eachréidh agus saothar dá gcuid foilsithe sa leagan is déanaí de ‘Comhar na n-Óg’.

Mar a tharlaíonn sé, tá dánta curtha i gcló ag Alíona, Sadhbh, Robin, Adam agus Eibhlín agus is mór an ábhar dóchais a thugann sé do scríbhneoirí eile gabháil i mbun pinn. Ní amháin sin ach tá dearbhán €10 bronnta ar gach scríbhneoir as gach dán curtha i gcló. Anois, ní chóir go mbeadh béal bocht ar na filí óga seo.

 

A number of our newly published poets were recently awarded copies of their writings and book vouchers for each poem printed. Let’s hope they inspire yet another group of young writers to take up their pens/keypads. Beatha teanga í a labhairt – Buanú teanga í a scríobh!