Skip to content

Techspás Arís

Adam : “Tá an-áthas orm an gradam seo a ghlacadh ar son….”

Bhí lá den scoth ag Coláiste an Eachréidh agus iad ag tonnmharcaíocht ar líonraí éagsúla cibearspáis ag Techspás in Ionad na Comhdhála, Baile Átha Cliath 30 Deireadh Fómhair 2019.

Rinneadh saothar daoine óga a chur ar taispeáint le linn na hócáide seo. Cinnte, ghlac oibrithe óige agus múinteoirí páirt i gclár TechSpace agus deis acu a gcruthaitheacht dhigiteach is a gcumadóireacht innealtóireachta a cheiliúradh. Níl aon amhras ach go mbeidh na buanna seo mar inspioráid eolaíochta do na glúnta atá le teacht.

Caithfidh a admháil, áfach, ach gur iomaí bua atá le ceiliúradh agus le comóradh againn mar Choláiste an Eachréidh:

  • Ainmníodh Máistreas Bairbre i measc Oideachasóirí Techspace na Bliana.
  • Bhí iar-dhalta dár gcuid mar aoi-chainteoir speisialta ionspioráideach ar an lá.
  • Ach caithfidh an bualadh bos is mó a thabhairt d’Adam agus é aitheanta go náisiúnta mar TechSpásóir na Bliana.

Aithníodh Adam don phríomhduais seo mar cheannródaí ar leith i gcúrsaí ríomhaireachta – é chun tosaigh agus ag treabhadh ghort na ríomhaireachta ar a bhealach féin. Ní léamh ná scríobh ná inse béil ar na buanna teicneolaíochta atá aige agus i réimse na gcluichí ríomhaireachta a chruthú ach go háirithe. Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair go bhfuil a leithéid de ghradam buaite ag Adam (féach anseo). Is cinnte go bhfuilimid ar fad iontach bródúil as agus muid den tuairim go mbeidh a thuilleadh le buachaint ag an fhear óg seo sna blianta atá le teacht.

Féach – Tuairisc.ie

An-spéis ag na meáin áitiúla sa scéal

Congratulations to the delegation of Coláiste an Eachréidh that recently travelled to take part in ESB Techspace exhibition. Of course, they did not return empty handed. One past pupil was one of the main speakers at the national event. Máistreas Bairbre was recognized as one of the leading educators for Techspace in the country and our very own Adam was crowned Techspacer of the Year. Maith sibh ar fad!

Tuilleadh eolas/ Further information anseo