Oiliúint na nGael

Máistreas Bairbre i gcuideachta cuid de na hoifigigh ón Choiste Gaeilge; Tara – Rúnaí, Shruthy – O.C.P. agus Réitseal – Leas-Chathaoirleach

Tá an Coiste Gaeilge i mbun dianeagrúcháin le Gaelbhratach eile a ghnóthú don choláiste 2020. Is cinnte nach bhfuil siad ag déanamh talaimh sláin de go mbeidh an gradam bronnta orthu athuair gan obair a chur isteach.

Le linn lá oiliúna, glacadh grianghraf de na hoifigigh taobh le póstaer ‘Gaelbhratach’ ….ach má bhreathnaítear níos cruinne, is féidir daltaí ón choláiste a fheiceáil.

Gan amhras, tá obair cheannródaíochta déanta ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta agus leis an scoilbhliain nua tosaithe tá Coiste Gaeilge úrnua spreagtha gabháil i mbun dianoibre agus iad i mbun oiliúna le deireannas. Na Gaeil Abú!

New Coiste Gaeilge recently completed their training to set to work for Gaelbhratach 2019/20. Interesting to note that students from the college are to be seen on poster!

Go n-éirí leo! Beirigí Bua!

Le breathnú siar / To look back on previous achievements cliceáil anseo

Ag breathnú ar an phóstaer níos cruinne – daltaí ón Choiste Gaeilge le feiceáil