Skip to content

I mBun Oibre

Gradaim bronnta ar dhaltaí as ucht a gcuid oibre ó Bhliain 1 go Rang Ardteiste. Nollaig ’18

‘Molann an obair an duine’ a deir an seanfhocal agus caithfidh Coláiste an Eachréidh obair na ndaltaí a mholadh go hard is iad i mbun oibre go dian lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na scoilbhliana. Sin ráite, bhí roinnt daltaí aitheanta go speisialta ag Ceiliúradh Ghaisce na Nollag as ucht a gcur chuige i dtreo na hoibre is iad ag tabhairt fuithi go díograiseach. Obair eiseamláireach á dhéanamh acu gan amhras. Bronnadh gradaim orthu siúd a bhain barr feabhais amach ina gcuid obair scoile. Comhghairdeas leo uile:

Theo, Caoimhe, Adam, Lúc, Eibhlín, Rhianna, Robin, Jack, Jenny, Deirdre, Órla, Alana

Obair Ranga awards were presented to students who excelled in their classwork and whose application to their studies was particularly commendable. Leanaigí oraibh leis an dea-obair!