Skip to content

Bronnadh TY Presentations

Bronnadh Gradain TY

Excellent TY Programme at the Coláiste

Níl cur síos nó insint béil ar a bhfuil déanta ag lucht na hIdirbhliana ó thús na bliana -is leor a rá nach raibh nóimead le spáráil acu. Idir thurais agus thógraí éagsúla bhí clár iomlán curtha ar fáil dóibh. Thaistil siad go hÁrann, Baile Athá Cliath, Shanghai agus Madrid agus go leor eile idir eatarthu. Chuir siad ceol-dráma de scoth ar stáitse MAMMA MIA chomh maith le dráma de chuid Phádraig Mhic Phiarais. Anuas ar sin bhí taithí oibre, eagrú ar an Lá Spóirt agus Tráth na gCeist Boird, imeachtaí pobail, galf agus go leor eile. Ag ócáid cheiliúrach ag deireadh na bliana bronnadh teastais éagsúla ar na daltaí – Microsoft Academy, Gaisce an Uachtaráin, Minicompany, FETAC 3, Gan dabht ar bith – bliain den chéad scoth!!