Déantar comhghairdeas leis na daltaí uilig a d’fhreastail ar scoil chuile lá le linn na bliana. Congratulations to the all the pictured students who attended school everyday. Also noteworthy is the fact that a further 37 pupils attended all days but one.
Ba mhaith le Coláiste an Eachréidh comhghairdeas ó chroí a ghuí ar dhaltaí na scoile a thug aitheantas náisiúnta ar ais go Baile Átha an Rí sna comórtais eagraithe ag Conradh na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. Tuigtear go raibh breis agus 6,000 páirteach i gcomórtais SnaG i mbliana. Dá bhrí sin, is mór an cúis bróid dúinn comhghairdeas a ghabháil le Sibéal Ó Corcora a tháinig sa chéad áit i gcomórtas scríbhneoireachta do dhaltaí shinsearacha agus do Nadine Nic Pharláin a tháinig sa tríú áit sa chomórtas filíochta do dhaltaí Shinsearacha. Léirigh siad go bhfuil bua na scríbhneoireachta acu gan amhras. Ní amháin sin, ach ba mhaith leis an choláiste comhghairdeas a ghabháil le gach uile duine ón scoil a ghlac páirt sa chomórtais. Bronnadh teastais orthu ar fad as ucht a gcuid iarrachtaí agus aitheantas ar leith tugtha dóibh dá bharr. Nár laga Dia a lámha!
Each year students are presented with Gold Medals in recognition of their excellence in preparing project work which is submitted as part of the State Examinations – Junior Certificate and Leaving Certificate.