CAMPAS GAELSCOLAÍOCHTA

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí go dtógfar scoil úr nua do Choláiste an Eachréidh nuair a aistreofar muid go dtí láthair na gairmscoile. Is iontach go deo an scéal é seo agus anuas ar sin tógfar scoil nua, 12 seomra ranga, do Ghaelscoil Riada ar an suíomh céanna. Ba ócáid stairiúil go deimhin é nuair a osclaíodh an dá scoil ar an 29 Lúnasa 2006. Ón gcéad lá d’oibrigh muid i dtreo Champais Ghaelscolaíochta agus tar éis 10 mbliana ag fás is mór an chúis áthais an fógra seo do phobail an dá scoil.
Click on links below for more:-