SACAR – Soccer Champions 2014
Comhghairdeas le múinteoir Seán agus foireann bhuachaillí Bliain 1 & 2 a bhuaigh craobh chluiche an chomórtais inniú in aghaidh an Chreagáin. Ó tharla na foirne a bheith ar comhscór, 0-0, ag deireadh an chluiche b’éigean dóibh am breise a imirt. Is ansin a thosaigh an scóráil, chéad cúl ag an gColáiste ó bhróg Noah agus uaidh sin ar aghaidh nó gur bhuaigh buachaillí an Choláiste 3-0!! Comhghairdeas libh uilig
