Skip to content

GRETB Awards Ceremony

GRETB AWARDS 2016

GCP-0151_renamed_14746Congratulations to our recipients of GRETB awards. The ceremony took place at the Raheen Woods Hotel on Thursday May 5th. In total 78 pupils representing 20 GRETB (Galway Roscommon Education Training Board) Schools were presented with awards in acknowledgement of their achievements across various categories. The Coláiste students were Sinead Pokall, Muireann Ní Bhaoill, Leigha Ní Chearra, Seán Ó Conaill, Ciara Ní Chonaill and the TY Class.

 

 

GCP-0144_renamed_18014MUIR-SIN-É

Níl insint béil ar a bhfuil déanta ag an mbeirt bhan óg seo le 6 bliana anuas i saol an Choláiste. Ghlac an bheirt acu páirt in imeachtaí eagsúla ceoil aonaracha agus níorbh fhada gur bhunaigh siad a ngrúpa féin ‘Muir Sin É’. Go gairid ina dhiaidh sin bhuaigh siad croabh naisiúnta SCLÉIP agus tá a gcuid ceoil le cloisteáil ar YouTube. Tar éis aitheantas a fháil ag an Oireachtas le cupla bliain anuas ba é buaicphointe rannpháirtíocht na gcailíní an gradaim BEO agus duaischiste €2,000 a thabhairt leo ó Oireachtas na bliana seo.  Tá cuireadh faighte acu amhráin a chasadh ag an gceolchoirm náisiúnta RAVELÓID ,(tuilleadh eolais).

 

GCP-0124_renamed_15713SEÁN Ó CONAILL

Scoláire agus fear óg den scoth é Seán atá sa rang idirbhliana faoi láthair. Go deimhin, tá gaiscí go leor déanta aige agus bhí ról nach beag aige in imeachtaí éagsúla – drámaíochta, craoladh beo raidio agus go leor eile nach iad. Ainmníodh é roimhe seo mar phearsan spóirt an Choláiste, go deimhin is imreoir gailf de ard chaighdeán é ach anocht aithnítear a chumas acadúil, a thiomantas chun oibre, díogras agus comhoibriú ón gcéad lá. Cén iontas gurb é a bhain amach na torthaí ab fhearr i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Ghnóthaigh se an 2ú ait in Éirinn lena thionscadail adhmadóireachta.

Tuilleadh Eolais

GCP-0033_renamed_4710

LEIGHA NÍ CHEARRA 

Dalta 3ú bliana í Leigha a dhéanann a cuid oibre go ciúin, dícheallach. Eiseamláir iontach í a léiríonn dearfacht, comhoibriú agus díogras i gcónaí. Sa bhreis ar a cuid obair scoile is minic a chuireann Leigh isteach ar chomórtais. Bhí sí i measc na mbuaiteoirí lena píosa ealaíne i gcomórtas bliantúil an ADVERTISER a thug aitheantas dá talann ealaíne. Ach is dalta ioll-chumasach í Leigh a bhfuil máistreacht an phinn freisin aici agus ba mhór an onóir é nuair a glacadh lena saothar, IMMORTALS, mar chuid de fhoilsiúchán náisiúnta scríobhnóirí óga FUTURE TENSE.

 

GCP-0039_renamed_7121CIARA NÍ GHRÍOFA

Níl deireadh le fuinneamh na mná óg seo. Is iomaí éacht atá déanta aici le bliain anuas, roghnaíodh í sa bpríomhpháirt don ceoldráma GREASE, tugadh aitheantas ar leith móide duais airgid dá tionscadail mionghnó ‘Untangleables’. Léiríonn Ciara ceannaireacht laethúil sa mhéid is go dtugann sí go dearfach, comhoibríoch faoi chuile dhúshlán, go deimhin b’í a bhunaigh TECHSPACE sa scoil- deis do dhaltaí a bheith ina saoránaigh gníomhacha. Anuas ar sin ar fad bhain sí gradam naisiúnta amach le FORÓIGE lena físeáin féin ‘Give Me a Chance’ a bhí urraithe ag ADOBE Youth Voices.

 

GCP-0136_renamed_19193RANG NA hIDIRBLIANA

Bliain thábhachtach stairiúil a bhí againn i mbliana agus muid, muintir na tíre, ag comóradh agus ag ceiliúradh saoirse, neamhspleáchais agus Eirí Amach 1916. Tugtar aitheantas ar leith d’iarrachtaí rang na hIdirbliana a léirigh dráma, a chraol clár raidio agus a dhear postaeir bunaithe ar laochra an Eirí Amach i gceantar Bhaile Átha an Rí.  Go deimhinn, mar thoradh ar fheabhas an Chlár Raidio bhí iarrachtaí na ndaltaí gearrliostáilte le 6 thionscadal eile mar chuid de chomórtas náisiúnta Raidio na Gaeltachta. Anuas ar sin ar fad, shiúil na daltaí SLÍ na n-ÓGLACH (tuilleadh eolais). Gan dabht ar bith d’eirigh thar cinn leis an rang scéal áitiúil an Eirí amach a insint.    Comóradh 1916

GCP-0056_renamed_31782

ciara 2       Aisteoirí 1916 na hIdirbliana