Skip to content

CISPHEIL na gCAILÍNÍ

Is cosúil go bhfuil todhchaí breá i ndán do Chispheil na gCailíní sa Choláiste.

Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le foireann cispheile na gcailíní agus iad buacach i gcluiche i gcoinne Choláiste Naomh Ciullian, Cnoc Breac, ar na mallaibh. Caithfidh a rá gur imir cailíní Bl.2 cluiche iontach agus go raibh obair foirne den scoth eatarthu sa chluiche sraithe seo. Níl aon amhras ach go raibh tús iontach spleodrach acu sa chéad chluiche seo agus is mór an spreagadh a thugann a leithéid don fhoireann uile.

A bhuí le Brian Hickey, cóitseálaí le club áitiúil #EastGalwayCeltics, a thug tacaíocht agus treoir tábhachtach don fhoireann. Gabhaimid buíochas speisialta leis na múinteoirí Marie, Anne Marie agus Marina agus iad ag feidhmniú mar chóitseálaithe cúnta agus a thugann comhairle leanúnach do chailíní na foirne. Buíochas freisin le Máirtín Ó Flatharta a thacaigh go mór leis na cailíní ar an lá chomh maith.

It looks like Girls’ Basketball has a bright future in the Coláiste after the second year girls had a fantastic game recently. They had an impressive victory in their first league game against Coláiste Naomh Cillian, New Inn. The win was well deserved from this group of dedicated players that display amazing team work. Leanaigí oraibh.

Beirigí Bua a Chailíní !