Drumaí Beaga agus Drumaí Móra

Bhí ceardlann drumadóireachta ag lucht na hidirbhliana le deireannas leis an chomhlacht Drumadore (tuilleadh eolais anseo)

Níl aon amhrais ach go raibh spraoi iontach ag gach uile dalta a bhí páirteach agus iad ag greadadh na ndrumaí i gcuideachta a chéile. Aitheantas tugtha do chách agus iad ag obair mar fhoireann.

Tá siad lán de cheol

Gradaim na Nollag ’23

Tháinig pobal uile na scoile le chéile le ceiliúradh Gaisce na Nollag ’23 a cheiliúradh. Ócáid den scoth a bhí ann ar mhaithe le aitheantas a thabhairt do bhuanna na scoláirí sa choláiste. Bhí atmaisféar speisialta cothaithe agus daltaí i mbun ceoil agus amhránaíochta faoi stiúir Mhúinteoir AnneMarie. Le fírinne, bhí réimse breá ceoil curtha i láthair – traidisiúnta, nua-aimseartha agus nua-cumtha.

Léirigh Príomhoide Sinéad gur iomaí bua atá ag ár ndaltaí i gColáiste an Eachréidh: tá freastal den scoth ag go leor, tá daltaí ag obair go díograiseach ar scoil agus sa bhaile. Mar aon leis sin, léirigh sí gur iomaí ceannaire agus Gael óg atá inár measc sa scoil. Mar chomhartha aitheantais orthu siúd ar fad, bronnadh gradaim ar leith do roinnt daltaí ar son na Gaeilge, ar son a gcuid oibre leanúnaí, a gcuid tinrimh agus do scoláirí éagsúla a léiríonn tréithe ceannaireachta ar scoil. Ar ndóigh, bhí deis tapaithe aitheantas poiblí a thabhairt do fhoireann eitpheile na gcailíní– Mar sin de – comhghairdeas le gach uile scoláire i gColáiste an Eachréidh.

As a token of respect to all students, a number of awards were presented to students for attendence, leadership skills, schoolwork and promoting Gaeilge during a very entertaining and musical Gaisce na Nollag ’23. The Senior Girls’ Volleyball team was also given special recognition for their recent achievements.

Beirigí Bua sa Bhliain Úr

Clann Uisnigh – Dráma

Comhghairdeas le rang Gaeilge 3B a léirigh dráma ar ‘Clann Uisnigh’ le deireannas.

I ndiaidh dóibh staidéar a dhéanamh ar an scéal béaloidis, bheartaigh siad go mbeadh siad sásta tabhairt faoin scéal a léiriú go drámatúil. Mar sin de, bhí obair le déanamh acu script a scríobh, feistis agus propanna a aimsiú, seit a dhearadh agus línte le foghlaim de ghlanmheabhair. Cóip den script le fáil anseo.

De réir mar a thuigimid, bhain idir aisteoirí agus lucht féachána an-sult go deo as an dráma. Tuigtear go bhfuil éileamh anois ann go mbeidh an seó le léiriú arís acu os comhair lucht féachána eile.

Congratulations to Rang Gaeilge 3B fo their fine performance of Clann Uisnigh. The play was written, rehearsed and performed by the whole class. We understand that there is now a demand for further performances. Go n-éirí leo!

Eitpheil na gCailíní – Cluiche Ceannais na hÉireann

Tá Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as foireann eitpheile na gcailíní a bhain craobh ceannais na hÉireann amach ar na mallaibh. Cé nár éirigh leo ar an lá mór, níl aon amhras ach go raibh éacht iontach curtha i gcrích acu le bheith san iomaíocht ar an leibhéal is airde go náisiúnta. Mar a tharlaíonn sé bhí Aoibhinn aitheanta mar laoch na himeartha.

Bhí comhoibriú leanúnach eatarthu mar fhoireann agus níor chailleadar a misneach riamh. Cinnte, bhí lucht tacaíochta den scoth taobh thiar dóibh i rith an ama agus cé go dtuigtear nach féidir gach cluiche a thabhairt leo – tá gach cosúlacht go mbeidh lá eile acu amach anseo. Comhghairdeas leo!

Congratulations to the Girls’ Volleyball team that recently played in an all-Ireland final. Coláiste an Eachréidh is very proud of your achievements.

Comhghairdeas a Chailíní

100% @ Coláiste an Eachréidh

Nach breá an nuacht é a bheith luaite i nuachtán náisiúnta (Irish Independent) agus 100% de dhaltaí Ardteiste 2023 anois ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal in ollscoileanna ar fud na tíre. Éacht nach beag atá ann óir ní raibh ach 6 scoil i gcontae na Gaillimhe a d’éirigh a leithéid a dhéanamh

Congratulations to Coláiste An Eachréidh, that had 30 students sitting the Leaving Cert and 100% of them went on to third level in 2023. Full Story – here

Nach aoibhinn beatha an scoláire!

Ceardlanna Scríbhneoireachta

D’éirigh go hiontach leis na ceardlanna scríbhneoireachta faoi stiúir Jackie Mac Donncha. Tuigtear go raibh neart ábhar nua-cumtha ag scoláirí Choláiste an Eachréidh, ina measc: amhráin, dánta, gearrscéalta agus drámaí. Tá sé i gceist ag an choláiste réimse a gcuid saothair a chur le chéile in iris/pdf amach anseo.

Seo an méid a bhí le rá ag cuid de na daltaí a ghlac páirt:

“Bhain mé an-taitneamh as. Chuir sé gach duine san áireamh agus bhí sé an-chabhrach nuair a tháinig sé chun gearrscéal a scríobh. Dá n-iarródh orm an mbeadh spéis agam a leithéid a dhéanamh arís  …. cinnte ba bhreá liom.”  – Karla

“Sílim gur thug na ceardlanna seans iontach dom níos mó filíochta a chumadh agus seans dom mo chuid Gaeilge a fheabhsú agus smaointiú níos doimhne mar fhile. Bhí Jackie an-chabhrach agus bhí sé iontach ag tabhairt comhairle agus aiseolas dom ar na dánta agus ar na hamhráin cumtha agam.”  – Max

“Bhí na ceardlann scríbhneoireachta le Jackaí Mac Donncha go hiontach. Bhí sé an-cabhrach, bhí neart eolais aige a bhí tairbheach dom agus mé ag cumadh filíochta. Mholfainn d’éinne a bhfuil spéis acu tabhairt faoi agus a scileanna scríbhneoireachta a fheabhsú.” – Oscair

“Cheap mise go raibh sé go hiontach, bhí Jackie Mac Donncha an-suimiúil is cabhrach – foclóir an-shaibhir aige “ – Lucy

“ Bhí am iontach agam agus d’fhoghlaim mé conas scéal a scríobh. Bhí Jackie an-chabhrach i rith na gceardlanna agus bhí mé an-bhródúil mo scéal féin a scríobh.” – Aoidín

“Bhí sé go hiontach! Tháinig féabhas ar mo chuid gaeilge agus bhí an-spraoi agam, spreag Jackie go mór mé!” Bláthín

“Molaim na ceardlanna seo go mór, Bhí sé iontach foghlaim conas an teanga a chur chun cinn sna hamhráin agus sna dánta” – Éimear

“Bhí ceardlanna Jackie an-úsáídeach chun am a chur ar fáil do dhaltaí díriú agus fócas ar an scríbhneoireacht. Bhí Jackie an-chabhrach le saibhreas, litriú agus inspioráideach ó thaobh na Gaeilge de.” – Áine

Eitpheil – Foireann na gCailíní Buacach!!

Comhghairdeas le foireann eitpheile na gcailíní a bhí rathúil sa bhabhta leathcheannais den chomórtas Sinsear ‘B’ ar na mallaibh in Ollscoil Luimnigh. Éacht speisialta é seo – an chéad uair a cháiligh cailíní an choláiste i gcomhair cluiche ceannais náisiúnta san eitpheil. Guímid gach rath orthu sa chluiche ceannais a bheas acu Déardaoin 14 Nollaig. Go n-éirí leo!

Congratulations to our Senior girls volleyball team who won their semi-final in UL recently following 3 hard fought wins against Loreto SS Kilkenny, Nord Anglia IS Dublin and Mary Immaculate SS Lisdoonvarna. We look forward to a first national final for our girls volleyballers on December 14th!!

Cailíní an Eachréidh Abú!

Turas go ‘Wildlands’

Bhí cúis cheiliúrtha ag lucht na hidirbhliana le deireannas agus iad ar thuras scoile go Wildlands (Maigh Cuilinn) ag dreapadh ballaí is i mbun dúshlán éagsúla. Faraor, ba mhór an spraoi is spórt a bhí acu agus é tuillte go maith ag gach uile duine acu.

Transition year students had a very enjoyable day at Wildlands recently. All sorts of activities enjoyed by all.

Kinia: Tech-Fest d’Oideachasóirí

Bhí raon iontach ceardlanna ar theicneolaíocht chruthaitheach eagraithe ag an chomhlacht ‘KINIA‘  a bhí dírithe ar fhorbairt scileanna ríomhaireachta d’oideachasóirí fud fad na tíre. Le fírinne, bhí oideachasóirí ann ag foghlaim faoi go leor rudaí teicniúla : IS, VR, Teicneolaíocht Ghlas, Teicneolaíocht Chliste, MoJo agus Podchraoltóireacht.

I measc na n-oideachasóirí uile, bhí Múinteoir Bairbre ag tabhairt oráide in Oifigí Google. Thug Bairbre léargas don lucht éisteachta faoi chúrsaí réamheolaíochta agus na tionscadail atá curtha i gcrích ag Coláiste an Eachréidh thar na blianta.

Congratulations to Múinteoir Bairbre who was among the key-speakers at the TECH-FEST for educators in Google head office recently.

Traenáil na n-Oifigeach Gaeilge

Bhí seisiún oiliúna ag Conradh na Gaeilge in Áras na nGael, cathair na Gaillimhe do dhaltaí iarbhunscoile. Le fírinne, bhí lá iontach curtha ar fáil do na scoláirí meánscoile ina raibh neart eolais roinnte, áiseanna agus acmhainní éagsúla curtha i láthair agus obair ghrúpa acu. Mar aon leis an traenáil uile, bhí deis ag na Gaeil óga bualadh le hoifigigh eile ó mheánscoileanna mórthimpeall na Gaillimhe, aithne a chur ar a chéile, tuairimí agus taithí a roinnt le chéile.