Skip to content

Éachtaí Rásaíochta

Gabhaimid comhghairdeas lenár scoláirí a bhí páirteach agus iad siúd a bhain amach éachtanna rásaíochta i mBaile Átha Luain ar na mallaibh.

Bhíodar ag glacadh páirte i gcomórtas lúthchleasaíochta i gCraobh Connachta agus ba léir go raibh rith na rásaí leo. D’éirigh le Seán (Idirbhliain) an chéad áit a bhaint amach sa rás idirmheánach 800m (faoi 18) ag luas thar a bheith tapaidh 1 nóiméad, 58 soicind. Mar aon leis sin, bhí éacht nach beag curtha i gcrích ag James (Bl.1) sa rás mionúir 800m agus é sa dara áit.

Táimid thar a bheith bródúil as na daltaí uile a bhí in iomaíocht lúthchleasaíochta agus gabhaimid comhghairdeas speisialta le Seán & James atá anois cáilithe do bhabhtaí ceannais na hÉireann. Go maire siad a mbua agus go n-éirí leo agus iad i gcomórtas do chraobh na hÉireann.

Congratulations to all of our students that competed in Connaught Athletics in Athlone recently. A special shout out goes to Seán (Idirbhliain) and James (first year) as the are now qualified for all-Ireland finals. Seán ran 800m at a time of 1:58 at intermediate level coming in at first place. James came in at second place, minor level 800m with a time of 2:22. Go n-éirí leo ag leibhéal náisiúnta anois.

Tá a rith is a léim acu