Skip to content

Cairde sa Chúirt

Bhí deis ag lucht na hidirbhliana taistil go Baile Átha Cliath le déanaí agus iad ar cuairt ar na Cúirteanna Breithiúnais Cóiriúla. Bhí siad ag obair mar dhlíodóirí, mar abhcóidí agus mar ghardaí i dtithe na cúirte. Bhí dhá chás pléite eatarthu agus dhá ghrúpa curtha in iomaíocht in aghaidh a chéile. Chuir na scoláirí an-spéis in imeachtaí an lae agus is cinnte gur fhoghlaim siad go leor as.

The transition year students had the opportunity to travel to Dublin recently to visit the Criminal Courts of Justice. They had a great time and learnt a lot. They got to work as solicitors, barristers and guards. Two cases were discussed as two groups of students debated the same.

Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán!