Skip to content

Cispheil na gCailíní – Séasúr den Scoth

Agus deireadh na bliana ag teannadh linn, ba mhaith linn an deis a thapú comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na cailíní óga a d’imir go hiontach i gcomórtais éagsúla i rith na bliana. Seo a leanas achoimre de na buaicphointí:

  • D’éirigh leo le déanaí i gcoinne Scoil Phobail Mhic Dara Carna agus an chéad áit a bhaint amach i nGrúpa an Chontae!  
  • I gcluiche ceannais an Chúige, bhí siad in iomaíocht i gcoinne Scoil Chroí Naofa, Cathair na Mart, Co. Maigh Eo. Bhí dian-choimhlint ann agus ní raibh ach dhá phointe sa difear ar scór 30 in aghaidh 28. ‘Tá gar dó chomh fada uaidh is a bhí riamh’ a deir an seanfhocal agus Coláiste an Eachréidh sa dara áit. Boinn airgid tuillte go maith acu is bronnta orthu uilig – muid thar a bheith bródúil astu – éacht iontach curtha i gcrích acu gan amhras!
  • D’imir na cailíní mar fhoireann speisialta i rith na bliana. Léirigh siad carachtar agus thacaigh siad go mór lena chéile. Gan dabht, tá spiorad iontu, ina gcumas inspioráid a thabhairt dá chéile. Nuair a bhí duine acu in ísle brí, bhí duine eile i gcónaí ina measc ag léiriú ceannaireachta le spreagadh sa bhreis a thabhairt.- Cinnte, beidh siad ar ais 23/24!

Congratulations to our amazing Junior Girls basketball team on their recent achievements over the year: 

  • They emerged victorious against Scoil Phobail Mhic Dara Carna, securing the top spot in the County group. 
  • In the Connaught final, our girls faced off against the winners of the Mayo Region, Westport ,  an intense battle that ended with a close score of 30 to 28 in favor of Westport, earning our team silver medals. The game was a nail-biter from start to finish, and our girls displayed incredible spirit and bravery during the game.
  • We are immensely proud of their achievements, and their journey throughout this tournament has been nothing short of inspiring., and we are really looking forward to their bright basketball future 

Is breá an fhoireann iad!