Skip to content

La Pause Dessert – Taispeántas Ealaíne

Tá comhoibriú iontach idir lámha idir an Roinn Ealaíne agus an Roinn Fraincise sa choláiste i láthair na huaire. Tuigimid go mbíonn sár-saothair den scoth cruthaithe ag scoláirí inár scoil i rith an ama ach tá scéal spreagúil le roinnt ag an dá rannóg orainn. Le cúpla mí anuas, bhí daltaí ag obair go díograiseach ar thionscadail ealaíne ar théama na Fraince agus tá an-áthas orainn a fhógairt gur tháinig an togra galánta seo faoi bhláth agus pictiúir le bheith curtha ar taispeáint sa chaifé Francach áitiúil “La Pause Dessert“.

Cuirimid fáilte romhaibh tacú lenár n-ealaíontóirí óga trí sheal a chaitheamh in Lá Pause Dessert agus an taispeántas ar siúl idir 18 – 25 Bealtaine agus é ar oscailt idir 8.45r.n. go 4.00 i.n. Cinnte, beidh leithscéal ag cuairteoirí cupán caife agus ciste milse Francacha a bhlaiseadh agus na saothair faoi scrúdú acu. Gabhtar buíochas le ‘La Pause Dessert” as ucht an spás a chur ar fáil dár mic léinn a gcuid tallainne a chur ar thaispeáint.

 

The Art and French departments are happy to announce some exciting news. Our talented students have been working diligently on French themed artwork, which is now on display at the local French Cafe, “La Pause Dessert “!  

We invite you to support our budding artists by visiting “La Pause Dessert ” from Thursday 18th May to view their creations which will remain on display for a week. (Open 8:45 to 4pm ) We are grateful to “La Pause Dessert ” for hosting our students’ work and providing them with an opportunity to showcase their talent. Let’s support our students as they embark on their artistic journey! Enjoy a cup of coffee & ‘l’art de bien manger’ with some delicious French pastries while immersing yourself in their art.

La vérite vaut bien qu’on a passé quelques années sans la trouver.

Bíonn blas níos fearr ar an fhírinne má thógann sé tamall le teacht uirthi.