Skip to content

Sacar na mBuachaillí (Faoi 17) – Craobh Chonnachta

Ba mhaith linn an deis seo comhghairdeas a ghabháil le foireann sacair na mbuachaillí (faoi 17) agus iad in iomaíocht i gcluiche ceannais an Chúige ar na mallaibh. Le fírinne, caithfimid iad a mholadh go hard na spéire as ucht a gcuid obair foirne agus a gcuid sáriarrachtaí i rith na bliana.

Bhíodar ag imirt i gcoinne Iarbhunscoil na Grainsí, Sligeach sa chluiche ceannais ach, ar an drochuair, ní raibh rith an ráis leo ag deireadh an lae. Tréaslaímid a ndíogras agus a gcomhoibriú go mór leo. D’imir siad go spórtúil agus léirigh siad ard-charachtar mar fhoireann. Cé nár éirigh leo an lámh in uachtar a fháil an uair seo, is iomaí bua agus ceacht atá foghlamtha acu as cluichí na bliana seo.

Congratulations to the Boys’ soccer team (U 17) that succeeded on reaching Connaught Final which was played in Caisleán an Bharraigh, Co. Maigh Eo. Although not winning on the day, plenty of lessons learnt for next year. Beidh siad ar ais!

Coláiste an Eachréidh         2      Iarbhunscoil na Grainsí, Sligeach      5

 

Beidh ‘lá eile’ ag leaids an Eachréidh!