Skip to content

Saineolaithe ‘Microsoft’ – Craobh na hÉireann

Níl aon amhras ach go bhfuil obair ceannródaíochta déanta i gColáiste an Eachréidh i gcúrsaí ríomhaireachta le fada an lá. A bhuí le Máistreas Bairbre, cuirtear oiliúint teicneolaíochta ar fáil do dhaltaí idirbhliana le teastas Microsoft a bhaint amach in Office 365. Faraor, tá aitheantas náisiúnta bainte amach ag scoláirí an Eachréidh sa réimse seo le roinnt blianta anuas. Maidir le Microsoft féin, seo an dara uair go raibh daltaí dár gcuid ainmnithe ar ghearrliosta na hÉireann.
Gabhaimid comhghairdeas le Grace is Oisín óir tá éacht nach beag bainte amach acu agus iad aitheanta ar ghearrliosta náisiúnta den 20 speisialtóir is fearr in Éirinn. Le fírinne, bhí siad in iomaíocht i gCraobh na hÉireann i gcomhar ‘Speisialtóir’ Microsoft Office. Cinnte, táimid thar a bheith bródúil astu.
Congratulations to Grace & Oisín for their nominations as Microsoft Office Specialists – shortlisted to Ireland’s top 20. A special word of thanks for the guidence and support from Máistreas Bairbre.

Bíonn cleasa le foghlaim i ngach ceird