Skip to content

Siar go Conamara

Bhí turas ag lucht na hidirbhliana go Conamara ar na mallaibh agus cé go raibheadar ina suí ar bhus formhór an ama, bhí an t-ádh leo go raibh an aimsir leo agus iad breá-ábalta a bheith ag breathnú thart orthu féin ar a suaimhneas. Cé go dtuigtear go maith go bhfuil an talamh garbh go leor agus neart carraigeacha le feiceáil sa cheantar, níl aon amhras ach gur deacair na radharcanna áille ar thír agus ar fharraige a shárú sa chomharsanacht.

Cuireadh fáilte mhór chroíúil rompu in Acadamh na hOllscolaíochta i gCarna, áit gur cuireadh ina suí iad le cupán tae agus deis acu cluas a thabhairt le héisteacht do Dhónall Ó Braonáin. Tugadh léargas den scoth dóibh ar stair Chonamara, ar thréithe na háite agus ar an phobal féin.

Ina dhiaidh sin, tugadh aghaidh ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, ait go ndeachaigh siad ar cuairt chuig Teach a’ Phiarsaigh agus mórthimpeall ar an ionad fein. Chuir siad aithne níos fearr ar an Phiarsach mar dhuine, mar Ghael, mar dhrámadóir, mar fhile, mar scríbhneoir, mar oideachasóir agus mar réabhlóidí. Carachtar ildánach a bhí ann go cinnte.

Idirbhliain students took the opportunity to learn about their neighbouring Gaeltacht in Conamara recently. They visited Acadamh na hOllscolaíochta in Carna and learnt quite a bit about Pádraig Mac Piarais as they also had the chance to call to Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh.

Cuimhnítear ar fhocla an Phiarsaigh i gcónaí :

Tír gan Teanga, Tír gan Anam