Skip to content

Scéalta Sacair

Gan aon amhras ach tá fás agus forbairt den scoth tagtha ar chúrsaí sacair sa choláiste le roinnt blianta anuas. Ar na mallaibh, thug grúpa scoláirí ón chéad agus ón dara bliana aghaidh ar Thuaim, áit a d’imir siad ‘cluichí cairdiúla’ in aghaidh Choláiste an Ardeaspaig Mhic Éil. Bhí cluichí ag na buachaillí agus ag na cailíní araon. Bhí cuma ar an scéal gur bhain gach uile duine ardtaitneamh as an imirt. Ár mbuíochas le pobal na scoile i gColáiste an Ardeaspaig Mhic Éil a chuir fáilte chroíúil roimh scoláirí an Eachréidh ar an lá.

Mar aon leis an mhéid sin, ba mhaith linn comhghairdeas a ghabhail le Lúc, Bl. 3 atá tar éis conradh a shíniú le Gaillimh Aontaithe (Galway United) don dara bhliain as a chéile. Ní hamháin sin ach tá beirt eile tar éis Lúc a leanstan agus iad ag aistriú ón chlub i mBaile Átha an Rí Athenry F.C. go Gaillimh Aontaithe chomh maith. Go n-éirí libh Alan & Cillian.

There’s no doubt but soccer has certainly come to the fore in recent years in Coláiste an Eachreidh. First and second year’s boys and girls teams had ‘friendly‘ games in Tuam recently.

We would particularly like to congratulate Lúc Bl. 3 , Alan & Cillian Bl. 2 who have just signed contracts with Galway United.  Beirigí Bua

Tarraingí cic ar an liathróid