Skip to content

Scléip ’23

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leis na hiomaitheoirí ar fad ón choláiste a bhí páirteach i Scléip ’23 roimh an sos lár-théarma. Táimid iontach bródúil as Katelyn a bhí páirteach sa chomórtas ar leibheál sinsearach agus í ag seinm ceoil go haonarach. Caithfidh a rá freisin go bhfuilimid an-tógtha leis an bhanna ceoil ó lucht na tríú bliana ‘Saoirse’ a sheinn agus a chas go héifeachtach.

Is iontach go raibh ionadaíocht ón Eachréidh ag glacadh páirte ar leibheál náisiúnta sa chomórtas seo eagraithe ag Gael-Linn. Cinnte, taithí luachmhar a bhí ann do na ceoltóirí, do na cumadóirí, do na hamhránaithe rannpháirteach agus don lucht tacaíochta a thaisteal in éineacht leo go Baile Átha Cliath. Níl aon amhras ach go raibh ceachtanna foghlamtha ag lucht ceoil an Eachréidh agus gur iomaí spreagadh agus foinse inspioráideach aimsithe acu dá bharr. Beimid ag súil go mór lena saothar a chloisteáil amach anseo.

Congratulations to all the students, musicians, composers and singers that took part in Scléip ’23 organized by Gael-Linn. It’s great that we have such talent taking part on a national level. Bualadh Bos!

Nuair a stadann an ceol, stadann an rince!