Skip to content

Ag buaileadh ceoil le Rónán Ó Snodaigh

Bhí Rónán Ó Snodaigh ar cuairt ar an scoil le déanaí agus é i mbun ceardlanna le scoláirí an Eachréidh. Chaith sé tréimhse leis an chéad is an dara bhliain agus iad ag dul siar ar chuid de na amhráin ón bhanna ceoil Kíla atá ar shiollabas na Sraithe Sóisearaigh. Cinnte, bhí sé i bhfad níos éifeachtaí na hamhráin ‘Bí ann / Leanfaidh mé‘ a chloisteáil casta beo os a gcomhair (Éist anseo). Ba léir go ndeachaigh na hamhráin go mór i bhfeidhm orthu óir bhí cuid den lucht éisteachta ag canadh agus iad ar a mbealach amach ó na ceardlanna.

Mar aon leis an mhéid sin, thug sé ceachtanna speisialta do dhaltaí na hidirbhliana conas na bodhráin a bhuaileadh le rithim. B’iontach leo an deis a bheith acu na bodhráin, a bhí cruthaithe acu féin an tseachtain roimhe, a bhuaileadh in éineacht lena chéile arís.

The students had a musical treat when Rónán Ó Snodaigh (lead singer of Kíla) spent a day in workshops with First , Second and Transtion Year students. Listen Here

Ag cur a gcroíthe amach ag ceol