Bígí slán ar na bóithre

Bhí teachtaireacht iontach simplí agus soiléir ag scoláirí na hidirbhliana agus iad ar cuairt ar Scoil Chroí Naofa ar na mallaibh:

Bígí slán sábháilte ar na bóithre.

D’éirigh le lucht na hidirbhliana aird na ndaltaí óga a choinneáil ar thábhacht na sábháilteachta agus iad i mbun ceardlainne leo trí gníomhaíochtaí, ceachtanna agus cluichí. Cinnte, bhí blúiríní beaga eolais den scoth foghlamtha ag na daltaí óga faoi dheireadh an tseisiúin. Beimid ag súil go mbeidh gach uile duine acu thar a bheith airdeallach ar na bóithre i gcónaí.

Transition Year students paid Scoil Chroí Naofa a visit to give a workshop on the importance of Road Safety.

Is fearr go cúramach ná go deo.