Leasuithe Polasaí Iontrála / Admission Policy Amendments

(English version follows)

Leasuithe ar an bPolasaí Ligean isteach i Scoileanna

 A chara,

Tá tús feidhme curtha leis an Acht Oideachais (Socrú i leith leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu) 2022. Ag éirí ó thús feidhme an Achta seo, is gá do gach scoil a bPolasaí Ligean Isteach Scoile a leasú.

De réir Alt 62 den Acht Oideachais, is gá aon leasú a chur i bhfeidhm i ndiaidh próiseas comhairliúcháin leis an bhfoireann, le tuismitheoirí agus le mic léinn.

Beidh an dá ráiteas seo a leanas sa leasú/athrú ar Pholasaí Ligean Isteach na scoile le cur sa Roinn faoi Ráiteas Ligean Isteach de Pholasaí Ligean Isteach na scoile:

“Comhlíonfaidh Coláiste an Eachréidh le haon ordúchán a sheirbheálfar ar

an mbord nó ar an bpátrún faoi alt 37A agus 67(4)(b).”

 agus

“Comhoibreoidh Coláiste an Eachréidh leis an CNOS i gcomhlíonadh

fheidhmeanna na Comhairle faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil

Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004 maidir le soláthar oideachais do

leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear soláthar agus

feidhmiú rang nó ranganna speisialta nuair a iarrann an Chomhairle a leithéid.”

 Is iad na hathruithe i gcló iodálach thuas, agus na hathruithe sin amháin, na leasuithe atá molta don Pholasaí Ligean Isteach i láthair na huaire. Is riachtanais dhleathacha iad na leasuithe atá molta.

Má tá aon tuairim agat nó aiseolas le tairiscint i dtaobh an ábhair seo, bheinn buíoch díot ach sin a dhéanamh le casadh ríomhphoist chugamsa colaiste.aneachreidh@gretb.ie  faoin 16/1/23

Is mise, le meas,

Sinéad Niic Stiofáin

Príomhoide

Amendments to Admission Policy

A Chairde,

The Education (Provision in respect of Children with Special Educational Needs) Act 2022 has commenced. Following the commencement of the Act, all schools are required to amend their Admission Policy.

As per Section 62 of the Education Act, any amendment must take place after a consultation process with staff, parents and students.

The proposed amendment/change to the Admission Policy of the school is to include the following two statements in the Admission Statement Section of a school’s Admission Policy:

“Coláiste an Eachréidh will comply with any direction served on the board or the patron under section 37A and 67(4) (b).”

and

“ Coláiste an Eacréidh will cooperate with the NCSE in the performance by the Council of its functions under the Education for Persons with Special Educational Needs Act 2004 in relation to the provision of education to children with special educational needs, including in particular by the provision and operation of a special class or classes when requested to do so by the Council.” 

The italicised changes above, are the only amendments being proposed to the Admission Policy at this moment in time. The proposed amendments are a legal requirement.

If you have any observations or feedback to offer on this matter, I would appreciate it if you could revert by email colaiste.aneachreidh@gretb.ie  by the 16/1/23.

Le meas,

Sinéad Nic Stiofáin

Príomhoide