Liam Ó Maoilíosa – Gearrscannán

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le rang staire na idirbhliana atá tar éis gearrscannán a sheoladh – ‘Liam Ó Maoilíosa’

Breathnaigh ar an scannán anseo

https://www.youtube.com/watch?v=4RHF922nKm4

Caithfimid a rá go bhfuil éacht nach beag curtha i gcrích ag an chriú ó thús go deireadh an togra seo. Bhí na daltaí iad féin rannpháirteach le gach uile céim den tionscadal leis an ghearrscannán a chur le chéile agus is iomaí scil atá foghlamtha acu ag tabhairt faoi. I ndiaidh dóibh taighde a dhéanamh ar shaol Uí Mhaoilíosa, thosaigh siad i mbun scripte a chur le chéile. An chéad chéim eile a bhí acu ná clár an scéil a dhréachtadh agus é a bhriseadh síos i radharcanna ar leith. Rinneadh scagadh ar na radharcanna beaga is móra agus iad i mbun pleanála conas gach uile píosa a léiriú agus caithfidh a admhail gur iomaí cur is cúiteamh a bhí idir lámha agus an próiseas seo ar siúl. Mar chuid den mhír seo, bhí na daltaí ag ullmhú propanna agus feistis a tharraingt le chéile chomh maith.

Bhí an t-ádh ar na daltaí gur thug Coláiste Uí Mhaoilíosa Teagasc cead don ghrúpa a bheith i mbun scannánaíochta ar an suíomh stairiúil ina raibh óglaigh ag stopadh siar i 1916. Bhí Dessie O’Brien i gCill Rícill iontach fláithiúil freisin. Ní hamháin sin ach tá siad buíoch as an mhaoiniú a bhronn udar.ie , Glór na nGael & GRETB orthu ar mhaithe le costasaí taistil, propanna agus feistis a chlúdach.

Agus an scannánaíochta uile déanta, bhí uaireanta fada oibre caite i mbun eagarthóirtheachta ( ag Semyon go háirithe ) agus creidimid go bhfuil siad iontach bródúil, agus údar acu, as an mhéid atá déanta. Tá súil againn go mbeidh an gearrfhíseán seo scaipthe go forleathan agus go mbreathnóidh daoine ar seo ar fud na cruinne i bhfad is i gcéin. Dá bhrí sin, breathnaigí agus scaipigí!

 

Coláiste an Eachréidh would like to congratulate the transition year production of Liam Mellows ‘Liam Ó Maoilíosa’.

Look at video here

Having studied and researched the historical events of his life, the students composed a script, drafted story-boards and set to work in making a short film. The students worked and planned each scene, bringing together costumes and props as needed.

They were fortunate to be able to film on site at Teagasc (Liam Mellows College) in Dessie O’Brien’s Kilrickle and in other spots in the locality. Costs for transport, further props and costumes were covered by udar.ie , Glór na nGael & GRETB

With several hours of footage filmed, the students (especially Semyon) spent many hours working on the final edit which has a duration of 2 minutes. They are very proud of their achievements in this final production. We hope that this short video will be distributed far and wide and that people will be able to watch this production all over the world. Therefore watch, like and distribute!