Skip to content

Bua na Cainte

Tá an Coláiste thar a bheith bródúil as na foirne díospóireachta a ghlac páirt i gcraobh Connachta de chomórtas díospóireachta Gael-linn an tseachtain seo chaite.

Cé nár éirigh leo leanstan ar aghaidh chuig an chéad babhta eile, caithfidh a rá gur léirigh gach uile duine acu go bhfuil bua na cainte acu. Cé go ndeirtear nach líontar bolg le caint, níl aon amhras ach gur thug cainteoirí an choláiste lón machnaimh don lucht éisteachta.

Gabhaimid comhghairdeas leis na foirne díospóireachta idir shóisear agus sinsear óir bhí bród orainn as a n-eachtaí i mbun cainte. Gabhtar buíochas go speisialta le múinteoir Nóra a bhí i mbun comhairle agus a thug treoir luachmhar do na foirne araon.

Congratulations to both Junior & Senior debating teams that took part in Díospóireachtaí Gael-Linn. They all spoke so well and did the coláiste proud. A special thanks to múinteoir Nóra for all her preparation work with the teams.