Scléip na Gaillimhe

Bhí spraoi agus craic ag cumadóirí, ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, lucht siamsaíochta is lucht féachána agus iad rannpháirteach i Scléip na Gaillimhe eagraithe ag Gael-Linn ar na mallaibh.

Is cosúil gur bhain cách an-taitneamh go deo as imeachtaí an lae agus ba mhór an taithí dóibh uile a bheith ag glacadh páirte ina leithéid. Ar ndóigh, is iomaí ceacht ceoil atá foghlamtha is tairbhe nach beag bainte as an eispéireas agus iad ag freastal ar seó talainne trí mheán na Gaeilge.

Treislíonn an coláiste leis na rannpháirtithe go léir agus tá súil againn go spreagfaidh siad a thuilleadh a bheith gníomhach amach anseo. Gabhaimid comhghairdeas ar leith roimh Katelyn agus an Banna Ceoil ‘Saoirse’ ach go háirithe agus iad anois cáilithe do Chraobh na hÉireann. Táimid cinnte go mbeidh lucht leanúna ag tacú libh.

Congratulations to our wide selection of musical talent that recently took part in Scléip na Gaillimhe organized by Gael-Linn.

Bainigí ceol as an saol!