Skip to content

Buanna i mBéal Átha Ghártha

Bhí turas iontach ag daltaí ó Bhliain 1 go Béal Átha Ghártha i rith na seachtaine. Chuir Coláiste Mhuire fáilte Uí Cheallaigh roimh scoláirí an Eachréidh agus is cosúil gur bhain chuile dhuine ardtaitneamh as na gníomhaíochtaí uile agus as comhluadar a gcairde nua.
Deirtear nach bhfuil strainséirí ar bith againn sa tír seo ach cairde nua ar ar chóir dúinn aithne a chur. Cinnte bhí cairdeas déanta i measc gach duine agus neart spraoi is spórt i gcuideachta a chéile.
First year students had a very enjoyable sports day thanks to Coláiste Mhuire, Béal Átha an Ghártha.

Is iad na seodra is fearr ná cairde dílse!