Eitpheil na hÉireann – Cailíní Sinsearacha

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas a ghabháil le foireann eitpheile na gcailíní agus iad anois cáilithe do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann.

Ghlac foireann shinsear eitpheile na gcailíní páirt sna babhtaí ceathrú ceannais den chomórtas Eitpheil na hÉireann go gairid roimh sos lár-théarma. Bhí dian-iomaíocht ann ó na foirne uile ó mheánscoile éagsúla sna cluichí ar fad. Sin ráite, d’imir cailíní an Eachréidh go hiontach agus tuigtear go raibh cuid den eitpheil is fearr imeartha acu riamh i stair an choláiste. Ar ndóigh, táimid iontach bródúil astu go léir.

Ar aghaidh leo anois chuig babhtaí leathcheannais na hÉireann mar bhuaiteoirí an ghrúpa. Guímid gach rath orthu ag deireadh mhí na Samhna anois!

Congratulations to the Senior Girls team that recently qualified for All-Ireland semi-finals of Volleyball Ireland.

Bua agus treise leo!